Amharclann Chois Fharraige

Amharclann Chois Fharraige H91 W925
Tá Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) suite in Indreabhán agus tá na háiseanna ar fáil chun imeachtaí & ócáidí a chur ar siúl.

Táimid tiomanta anseo na healaíona, an chultúr agus an teanga a chur chun cinn. Bí i dteagmháil linn!

🎶 Ó BHÉAL GO BÉALAmhránaithe óga ar an sean-nós agus na guthanna a spreag iad🎤🎶Tá áthas orainn na ceathrar amhránaithe ó...
14/09/2026

🎶 Ó BHÉAL GO BÉAL
Amhránaithe óga ar an sean-nós agus na guthanna a spreag iad🎤🎶

Tá áthas orainn na ceathrar amhránaithe óga a bheidh linn ar Oíche Chultúir na bliana seo a fhógairt:

✨ Liam Ó Ceallaigh
✨ Róisín Ní Raifeartaigh
✨ Caoilte Canny
✨ Dearbhail Nic Dhonncha

Faoi stiúir Síle Denvir, cuirfidh an ceathrar amhráin i láthair a bhfuil ceangal ar leith acu leo agus roinnfidh siad beagán cainte faoi na hamhránaithe, na guthanna agus na taifid a spreag iad ina gcuid amhránaíochta féin.

📅 Dé hAoine, 18 Meán Fómhair
🕗 20:00–21:00
📍 Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna)
🎟️ Saor in aisce

Cuir áit in áirithe anseo: https://obhealgobeal.eventbrite.ie

Tá an imeacht Oíche Chultúir seo á chur i láthair ag an gComhairle Ealaíon i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae na Gaillimhe, le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta.

Grianghraif 📸:
Síomón Ó Baoighil agus Pic Chaoilte le caoinchead Tuairisc

09/09/2026

Beidh Aisling Lyons, Becky Ní Éallaithe agus Muireann Ní Shé linn in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) Dé Sathairn 12 Meán Fómhair ag 8.00 i.n., agus a seó Bí Liom Bí á thabhairt acu go hIndreabhán i gcomhpháirtíocht le Gliogar.

Oíche álainn de cheol, amhránaíocht agus damhsa atá geallta agus muid ag cur fáilte roimh an triúr ealaíontóirí seo go Cois Fharraige. Bígí linn!

📅 Dé Sathairn, 12 Meán Fómhair
🕗 8.00 i.n. (Doirse ag 7:30 i.n.)
📍 Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna), Indreabhán

Ticéid €15 ar fáil anseo: www.gliogar.ie

Le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon 🎶

Tá Comharchumann Shailearna Teo. ag lorg iarratais do dhá phost páirtaimseartha mar oibrithe barista i mBlaisín (Trucail...
03/09/2026

Tá Comharchumann Shailearna Teo. ag lorg iarratais do dhá phost páirtaimseartha mar oibrithe barista i mBlaisín (Trucail caife). ☕️
Ráta pá: €15 - €17 san uair ag brath ar thaithí agus dualgais na bpoist.
Tugtar tuilleadh eolais ar shonraí an phoist trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] nó glaoch ar (091) 399 199. Ba cheart litir iarratais chomh maith le CV a sheoladh roimh an 5:00i.n., Dé hAoine 18ú Meán Fómhair 2026 chuig [email protected]

Seisiún Eolais ar Thithe Folmha7in Dé Máirt 8ú Meán FómhairAmharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) H91 W925Eala...
02/09/2026

Seisiún Eolais ar Thithe Folmha
7in Dé Máirt 8ú Meán Fómhair
Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) H91 W925
Ealaín na Gaeltachta Údarás na Gaeltachta Galway County Council SEAI

🎶 OÍCHE CHULTÚIR 2026 - Ó BHÉAL GO BÉALAmhránaithe óga ar an sean-nós agus na guthanna a spreag iad 🎶Beidh oíche speisia...
25/08/2026

🎶 OÍCHE CHULTÚIR 2026 - Ó BHÉAL GO BÉAL
Amhránaithe óga ar an sean-nós agus na guthanna a spreag iad 🎶

Beidh oíche speisialta amhránaíochta ar an sean-nós againn in Amharclann Chois Fharraige d’Oíche Chultúir na bliana seo.

Curtha i láthair ag Síle Denvir, tabharfaidh 'Ó Bhéal go Béal' amhránaithe óga áitiúla le chéile chun amhráin a bhfuil ceangal ar leith acu leo a roinnt linn, agus chun beagán cainte a dhéanamh faoi na hamhránaithe, na guthanna agus na taifid a spreag iad ina gcuid amhránaíochta féin.

📅 Dé hAoine, 18 Meán Fómhair
🕗 20:00–21:00
📍 Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) H91 W925
🎟️ Saor in aisce

Is féidir áit a chur in áirithe anseo: https://obhealgobeal.eventbrite.ie

Tá an imeacht Oíche Chultúir seo á chur i láthair ag an gComhairle Ealaíon i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae na Gaillimhe, le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta.

Ceardlann Amhránaíochta Don Óige 🎤🎶📆Dé Sathairn, 12 Meán Fómhair⏰8–12 bliana: 12 i.n. – 1 i.n.⏰13–17 mbliana: 1.30 i.n. ...
21/08/2026

Ceardlann Amhránaíochta Don Óige 🎤🎶
📆Dé Sathairn, 12 Meán Fómhair
⏰8–12 bliana: 12 i.n. – 1 i.n.
⏰13–17 mbliana: 1.30 i.n. – 3 i.n.
📍 Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna), H91 W925
Saor in aisce ach gá clárú ar Eventbrite: https://ceardlannamhranaiochta.eventbrite.ie

Tabharfar deis do na rannpháirtithe amhráin a fhoghlaim, a nguthanna a úsáid go cruthaitheach agus taitneamh a bhaint as an amhránaíocht i suíomh fáilteach agus spraíúil.
--
Ceardlann Ceol Traidisiúnta Don Óige 🎻🪕🎶
📆Dé Domhnaigh, 13 Meán Fómhair
⏰8–12 bliana: 12 i.n. – 1 i.n.
⏰13–17 mbliana: 1.30 i.n. – 3 i.n.
📍 Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna), H91 W925
Saor in aisce ach gá clárú ar Eventbrite: https://ceardlannceol.eventbrite.ie

Beidh deis ag na rannpháirtithe ceol a sheinm le chéile, triail a bhaint as smaointe ceoil agus taitneamh a bhaint as an gceol traidisiúnta i suíomh cruthaitheach agus cairdiúil. Tá fáilte roimh gach uirlis!

Ár mbuíochas le hEalaín na Gaeltachta as a dtacaíocht leis na ceardlanna seo.

14/08/2026
Bhí trí lá den scoth againn in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) le deireanas ag an gCampa Cumadóireachta...
13/08/2026

Bhí trí lá den scoth againn in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) le deireanas ag an gCampa Cumadóireachta.

D'fhoghlaim na rannpháirtithe faoi struchtúr amhráin agus chum 'chuile dhuine a
n-amhrán nua féin.

Tá muid an-bhuíoch d'Éabha Breathnach, Colm Seoighe agus d'Fhil Uí Dhubhghaill a chabhraigh leis na cumadóirí óga lena saothar.

Amhráin nua, ceol nua, cairde nua...as go brách leo!

Míle buíochas le Ealaín na Gaeltachta, Pleanáil Teanga Chois Fharraige agus le Pádraig ó Amharclann Chois Fharraige a chabhraigh linn an Campa iontach seo a phleanáil agus a chur i gcrích. Ní neart go cur le chéile.



Address

Na HAille
Indreabhán
H91W925

Telephone

+35391399199

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Amharclann Chois Fharraige posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The Business

Send a message to Amharclann Chois Fharraige:

Shortcuts

Share